Litreacha atá ar an talamh Faoi Chnoc, litreacha atá iontu a cuireadh síos le linn an chogaidh le taispeáint d’eitleáin go raibh siad ar thalamh neodrach. Tá a n-ainmneacha scríofa ag trí fhear ann. Bhí Joe ag buachailleacht an lá a chonaic sé iad ag scríobh a n-ainmneacha. Duffy a b’ainm do fhear amháin agus as Mín an Iolair fear eile darbh ainm Niall Boyle, Niall John Shimlín. Éire agus an uimhir 92 a bhí scríofa ann.